le Doimnic Mac Giolla Bhríde

Polcaphonc

 

Ó na healaíontóirí a chruthaigh

Leabhar agus CD úr a sheoladh ag Lynette Fay

    30 Márta 3pm

Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, 216 Bóthar na bhFál, Béal Feirste

Leabhar úr le hamhráin bhríomhara, nua-chumtha i nGaeilge, do pháistí.

Sa leabhair seo tá 20 amhrán nua-chumtha i nGaeilge ar achan rud a bhfuil dúil ag páistí ann: damháin allaí atá santach (ní Santa anois!); taibhsí cairdiúla; páistí ag sábháil an domhain agus eachtráin ón spás a bhfuil suim fhiánta acu in éadach … go háirithe éadach le cúpla polcaphonc!

Ach tabhair aire a pháistí! Coinnígí an CD ar shiúl ó dhaoine fásta nó tá gach seans ann go rachaidh siad a dhamhsa!!

An ceol cumtha agus cóirithe ag Doimnic Mac Giolla Bhríde.

Ealaín le Dara McGee.